3. Thángadar seo go léir le chéile i nGleann Shidím (Muir an tSáile, is é sin).
4. Bhíodar dhá bhliain déag faoi ghéillsine ag Cadarláómar, ach an tríú bliain déag do chuireadar suas de.
5. Sa cheathrú bliain déag tháinig Cadarláómar agus na ríthe a bhí i gcomhar leis agus bhuadar ar na Rafáím ag Aistearót Carnaím, ar na Zuzaím i Hám, na Héimím i machaire Chiriátáim, agus
6. na Horaigh i Sléibhte Shaeír chomh fada le machaire Éil Párán ar imeall an fhásaigh.
7. Ansin d'fhilleadar agus thángadar go Tobar an Bhreithiúnais (Cáidéis, is é sin), agus leagadar lámh ar chríocha uile na nAmáiléiceach agus ar na hAmóraigh a chónaigh i Hazazon Támár.