Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 14:2-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. agus d'fhear siad cogadh ar Bheara rí Shodom, ar Bhirseá rí Ghomorá, ar Shineáb rí Admá, ar Shiméibir rí Zabóím, agus ar rí Bhéala (is é sin le rá Zoar).

3. Thángadar seo go léir le chéile i nGleann Shidím (Muir an tSáile, is é sin).

4. Bhíodar dhá bhliain déag faoi ghéillsine ag Cadarláómar, ach an tríú bliain déag do chuireadar suas de.

5. Sa cheathrú bliain déag tháinig Cadarláómar agus na ríthe a bhí i gcomhar leis agus bhuadar ar na Rafáím ag Aistearót Carnaím, ar na Zuzaím i Hám, na Héimím i machaire Chiriátáim, agus

6. na Horaigh i Sléibhte Shaeír chomh fada le machaire Éil Párán ar imeall an fhásaigh.

7. Ansin d'fhilleadar agus thángadar go Tobar an Bhreithiúnais (Cáidéis, is é sin), agus leagadar lámh ar chríocha uile na nAmáiléiceach agus ar na hAmóraigh a chónaigh i Hazazon Támár.

8. Ansin rí Shodom agus rí Ghomorá, agus rí Admá, agus rí Zabóím, agus rí Bhéala (is é sin le rá Zoar), chuadar amach agus chuireadar cath i nGleann Shidím

9. ar Chadarláómar rí Ealám, Tiodál rí na nGóím, Amráfal rí Shionár agus Airióc rí Eallásár; ceathrar rí in aghaidh cúigir.

10. Bhí a lán log pice i nGleann Shidím, agus ag teitheadh do ríthe Shodom agus Ghomorá, thit chuid díobh isteach iontu agus theith an chuid eile chun na gcnoc.

11. Sciob an namhaid leo maoin uile Shodom agus Ghomorá agus a lón uile agus d'imíodar leo.

12. Rugadar leo chomh maith Lót mac dearthár Abrám - bhí cónaí air i Sodom - agus a mhaoin uile, agus d'imíodar leo.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 14