Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 14:15-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. D'ionsaigh sé féin is a shearbhóntaí iad i gcoim na hoíche agus chuir an teitheadh orthu go Hóbá lastuaidh de Dhamaisc.

16. Thug sé leis ar ais an chreach go léir, agus thug ar ais a bhráthair Lót agus a mhaoin agus na mná agus na daoine.

17. Nuair a d'fhill sé tar éis dó an cath a bhriseadh ar Chadarláómar agus ar na ríthe a bhí i gcomhar leis, chuaigh rí Shodom amach ina choinne i nGleann Sheávae (Gleann an Rí is é sin).

18. Agus thug Meilcizidic rí Sheáléim arán agus fíon amach; ba shagart le Dia ró-ard é.

19. Chuir sé a bheannacht air á rá:“Bíodh beannacht ar Abrám ó Dhia ró-ard,cruthaitheoir neimhe agus talún.

20. Moladh le Dia ró-ardmar gur chuir sé do naimhde faoi do smacht.”Agus thug Abrám deachú den uile ní dó.

21. Ansin dúirt rí Shodom le hAbrám: “Tabhair domsa na daoine, ach bíodh an mhaoin agat féin.”

22. Ach dúirt Abrám le rí Shodom: “Dar mo láimh i láthair an Tiarna, Dia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún,

23. ní ghlacfaidh mé oiread agus snáithe ná iall bróige, ná ní thógfaidh mé aon phioc de do chuid; ní bheidh sé le rá agat: ‘Rinne mé fear saibhir d'Abrám.’

24. Ní thógfaidh mé aon ní ach ar ith mo chuid fear agus cion an triúir a ghabh liom - Ainéar, Eisciol agus Mamrae; bíodh a gcion féin acusan.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 14