14. Ar gclos d'Abrám gur gabhadh a bhráthair gaoil, chuir sé tionól ar a raibh oilte ar airm dá mhuintir a rugadh ina theach, trí chéad agus ochtar déag, agus chuaigh ar a dtóir chomh fada le Dán.
15. D'ionsaigh sé féin is a shearbhóntaí iad i gcoim na hoíche agus chuir an teitheadh orthu go Hóbá lastuaidh de Dhamaisc.
16. Thug sé leis ar ais an chreach go léir, agus thug ar ais a bhráthair Lót agus a mhaoin agus na mná agus na daoine.
17. Nuair a d'fhill sé tar éis dó an cath a bhriseadh ar Chadarláómar agus ar na ríthe a bhí i gcomhar leis, chuaigh rí Shodom amach ina choinne i nGleann Sheávae (Gleann an Rí is é sin).
18. Agus thug Meilcizidic rí Sheáléim arán agus fíon amach; ba shagart le Dia ró-ard é.
19. Chuir sé a bheannacht air á rá:“Bíodh beannacht ar Abrám ó Dhia ró-ard,cruthaitheoir neimhe agus talún.
20. Moladh le Dia ró-ardmar gur chuir sé do naimhde faoi do smacht.”Agus thug Abrám deachú den uile ní dó.
21. Ansin dúirt rí Shodom le hAbrám: “Tabhair domsa na daoine, ach bíodh an mhaoin agat féin.”
22. Ach dúirt Abrám le rí Shodom: “Dar mo láimh i láthair an Tiarna, Dia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún,
23. ní ghlacfaidh mé oiread agus snáithe ná iall bróige, ná ní thógfaidh mé aon phioc de do chuid; ní bheidh sé le rá agat: ‘Rinne mé fear saibhir d'Abrám.’