11. Agus é ar tí dul isteach san Éigipt dúirt Abrám lena bhean Sáraí: “Féach anois, tá a fhios agam gur sciamhach an bhean tú le féachaint ort.
12. Nuair a fheicfidh na hÉigiptigh thú, déarfaidh siad: ‘Sin í an bhean,’ agus maróidh siad mise ach déanfaidh siad anacal ortsa.
13. Abair leo gur tú mo dheirfiúr i dtreo go rithfidh go maith liom de do chionn-sa agus go ndéanfaí anacal orm ar do shonsa.”
14. Agus nuair a chuaigh Abrám isteach san Éigipt chonaic na hÉigiptigh go raibh an bhean an-sciamhach.
15. Nuair a chonaic flatha Fhorainn í, mholadar í i láthair Fhorainn agus tugadh an bhean isteach i bpálás Fhorainn.
16. Agus chaith seisean go maith le hAbrám ar a son agus fuair sé caoirigh agus eallach, agus asail, daoir fir agus mná, agus láracha asail, agus camaill.
17. Chráigh an Tiarna Forann is a theaghlach le plánna troma mar gheall ar Sháraí bean Abrám.
18. Ghlaoigh Forann chuige ar Abrám dá bhrí sin agus dúirt: “Cad é seo a rinne tú orm? Cén fáth nár inis tú gurbh í do bhean í?
19. Cén fáth a ndúirt tú: ‘Is í mo dheirfiúr í,’ i dtreo go ndearna mé mo chuid féin di? Sea anois, sin í do bhean agat! Beir leat í agus imigh!”
20. D'ordaigh Forann buíon fear ina chúram agus chuireadar chun siúil é, é féin agus a bhean agus a raibh aige.