Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 12:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt an Tiarna le hAbrám: “Imigh ó do thír féin, agus ó do mhuintir féin agus ó theach d'athar chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit.

2. Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d'ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.

3. Beidh mo bheannacht ar an muintir a chuirfidh beannacht ort.Beidh mo mhallacht ar an muintir a chuirfidh mallacht ort.Agus is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uileAn domhain iad féin a bheannú.”

4. D'imigh Abrám amach mar sin de réir mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh Lót in éineacht leis. Bhí Abrám cúig bliana déag is trí fichid nuair a d'fhág sé Hárán.

5. Agus thug sé leis Sáraí a bhean, agus Lót mac a dhearthár, agus a raibh de mhaoin cnuasaithe acu agus a raibh de dhaoir ina seilbh acu i Hárán. D'imíodar leo ar an mbealach go Canán. Nuair a thánadar go Canán

6. ghabh Abrám tríd an tír go tearmann Sheicim, go Dair Mhóire. Agus bhí na Canánaigh sa tír an uair úd.

7. Thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt: “Is do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo.” Ansin rinne sé altóir don Tiarna a thaispeáin é féin dó.

8. Chuaigh sé as sin go dtí sliabh soir ó Bhéitéil, mar ar chuir sé suas a bhoth agus Béitéil laistiar dó agus Háí lastoir. Rinne sé altóir don Tiarna ansin ansiúd agus ghair sé ar ainm an Tiarna.

9. Agus bhog Abrám leis ag dul i dtreo an Neigib i gcónaí.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 12