9. Tugadh Báibil uirthi uime sin mar go ndearna an Tiarna cíor thuathail de theangacha an domhain go léir ansiúd; agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne go léir.
10. Seo iad sliocht Shéam: Nuair a bhí Séam céad bliain d'aois ghin sé Arpaicsead dhá bhliain tar éis na díleann.
11. Mhair Séam cúig chéad bliain tar éis Arpaicsead a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha.
12. Nuair a bhí Arpaicsead cúig bliana déag ar fhichid ghin sé Seálach.
13. Mhair Arpaicsead trí bliana agus ceithre chéad tar éis Seálach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha eile.
14. Nuair a bhí Seálach deich mbliana fichead d'aois ghin sé Éibir.
15. Mhair Seálach trí bliana agus ceithre chéad tar éis Éibir a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
16. Nuair a bhí Éibir ceithre bliana déag ar fhichid ghin sé Roinnt.
17. Mhair Éibir ceithre chéad agus a tríocha bliain tar éis Roinnt a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
18. Nuair a bhí Roinnt deich mbliana fichead d'aois ghin sé Reú.
19. Mhair Roinnt naoi mbliana agus dhá chéad tar éis Reú a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
20. Nuair a bhí Reú dhá bhliain déag ar fhichid ghin sé Sarúg.
21. Mhair Reú seacht mbliana agus dhá chéad tar éis Sarúg a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.