21. Mhair Reú seacht mbliana agus dhá chéad tar éis Sarúg a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
22. Nuair a bhí Sarúg deich mbliana fichead d'aois ghin sé Náchór.
23. Mhair Sarúg dhá chéad bliain tar éis Náchór a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
24. Nuair a bhí Náchór naoi mbliana fichead d'aois ghin sé Tearach.
25. Mhair Náchór naoi mbliana déag agus céad tar éis Tearach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
26. Nuair a bhí Tearach deich mbliana agus trí fichid ghin sé Abrám agus Náchór agus Hárán.
27. Seo sliocht Thearach: Ghin Tearach Abrám, Náchór agus Hárán. Ghin Hárán Lót.
28. D'éag Hárán i láthair a athar ina thír dhúchais, Úr na gCaildéach.
29. Phós Abrám agus Náchór. Sáraí a b'ainm do bhean Abrám agus Milceá a b'ainm do bhean Náchór iníon Hárán, athair Milceá agus Isceá.
30. Bhí Sáraí aimrid agus í gan leanbh.
31. Thug Tearach leis Abrám a mhac agus Lót mac Hárán mac a mhic, agus Sáraí bean a mhic, bean Abrám, agus amach leo le chéile ó Úr na gCaildéach ag triall ar thír Chanán. Ach nuair a thángadar go Hárán chuireadar fúthu ann.
32. Bhí cúig bliana agus dhá chéad d'fhad saoil ag Tearach; ansin fuair sé bás i Hárán.