Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 11:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair daoine an teanga chéanna agus na focail chéanna ar fud an domhain mhóir.

2. Agus ag teacht anoir dóibh thángadar ar mhachaire i dtír Shionár agus chuireadar fúthu ann.

3. Agus dúradar lena chéile: “Téanam agus déanaimis brící agus tugaimis tine dóibh” - brící a bhíodh acu in áit cloch agus pic in áit moirtéil -

4. “Téanam,” ar siad, “agus tógaimis cathair dúinn féin, agus túr agus a bharr ag baint neimhe amach in airde. Tuillimis clú dúinn féin sula scaipfí ar fud chlár na cruinne go léir sinn.”

5. Ansin tháinig an Tiarna anuas go bhfeicfeadh sé an chathair agus an túr a thóg na daoine daonna.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 11