Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 1:2-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Fásach folamh a ba ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin, agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n‑uiscí.

3. Dúirt Dia: “Bíodh solas ann,” agus bhí an solas ann.

4. Chonaic Dia gur mhaith é an solas, agus scar Dia an solas ón dorchadas.

5. Thug Dia “lá” ar an solas agus “oíche” ar an dorchadas. Ba shin an chéad lá, an nóin agus an mhaidin.

6. Dúirt Dia: “Bíodh firmimint i lár na n‑uiscí agus scaradh sí na huiscí óna chéile.”

7. Rinne Dia an fhirmimint agus scar sé na huiscí a bhí faoin bhfirmimint ó na huiscí a bhí os a cionn. Agus bhí sin amhlaidh.

8. Thug Dia “neamh” ar an bhfirmimint. Ba shin an dara lá, an nóin agus an mhaidin.

9. Dúirt Dia: “Tagadh na huiscí go léir atá faoi neamh le chéile san aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceáil.” Agus bhí sin amhlaidh.

10. Agus thug Dia “tír” ar an talamh tirim, agus “farraigí” ar na huiscí le chéile. Chonaic Dia gur mhaith sin.

11. Dúirt Dia: “Tugadh an talamh an fásra uaidh: An lusra lena shíol, an crann toraidh lena shíol ina thoradh, gach ceann de réir a chineáil ar an talamh.” Agus bhí sin amhlaidh.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 1