Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 1:16-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Rinne Dia dhá sholas mhóra, an solas is mó chun an lá a rialú agus an solas is lú chun an oíche a rialú, agus na réaltaí mar an gcéanna.

17. Chuir Dia i bhfirmimint neimhe iad le taitneamh ar an talamh,

18. chun an lá agus an oíche a rialú agus an solas a scaradh ón dorchadas. Chonaic Dia gur mhaith sin.

19. Ba shin an ceathrú lá, an nóin agus an mhaidin.

20. Dúirt Dia: “Bíodh rath ar na huiscí le hiomad dúl beo, agus bíodh éanlaith ar eitilt os cionn na talún faoi fhirmimint neimhe.”

21. Chruthaigh Dia na míola móra agus gach uile dhúil chorraitheach bheo de réir a chineáil a chin ó rath na n‑uiscí, agus an uile chineál éin a eitlíonn. Chonaic Dia gur mhaith sin.

22. Bheannaigh Dia iad á rá: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire, agus líonaigí uiscí na bhfarraigí; agus téadh an éanlaith i líonmhaire ar talamh.”

23. Ba shin an cúigiú lá, an nóin agus an mhaidin.

24. Dúirt Dia: “Tugadh an talamh uaidh gach uile dhúil bheo de réir a chineáil, eallach, péisteanna agus ainmhithe allta.” Agus bhí sin amhlaidh.

25. Rinne Dia an uile chineál ainmhí allta, an uile chineál eallaigh, an uile chineál péiste. Chonaic Dia gur mhaith sin.

26. Dúirt Dia: “Déanaimis an duine ar ár ndeilbh féin, ar ár gcosúlacht féin, agus bíodh tiarnas acu ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir, ar an eallach, ar an talamh go léir, agus ar na péisteanna go léir a shníonn ar an talamh.”

27. Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin,ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é.Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 1