Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 9:7-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Dúirt sé leo ansin: “Truailligí an Teampall agus líonaigí na cúirteanna leis na mairbh, agus gluaisigí libh.” D'imigh siad leo agus mharaigh siad rompu ar fud na cathrach.

8. Agus iad ag marú leo, agus mise fágtha liom féin, shléacht mé go talamh agus chaoin os ard: “A Thiarna Dia, an scriosfaidh tú iomlán a bhfuil fágtha d'Iosrael sa taom feirge seo i gcoinne Iarúsailéim?”

9. Dúirt sé liom ansin: “Is an-mhór ciontacht mhuintir Iosrael agus Iúdá, tá an tír lán d'fhuil agus an chathair lán d'urchóid; óir deir siad: ‘Tá an tír tréigthe ag an Tiarna, níl radharc ná súl ag an Tiarna.’

10. Maidir liom féin, tabharfaidh mé chun cúitimh iad, gan anacal gan trócaire.”

11. Agus féach, an fear in éadach lín agus adharc dúigh scríobhaí ina chrios thug sé scéal leis ar ais ag rá: “Rinne mé mar a d'ordaigh tú dom.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 9