Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 8:6-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú a bhfuil ar siúl acu, na himeachtaí gránna atá ag muintir Iosrael anseo le mise a ruaigeadh i bhfad ó mo shanctóir? Ach feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.”

7. Rug sé mé ansin go doras na cúirte; agus ar dhearcadh uaim chonaic mé poll sa bhalla.

8. Dúirt sé liom: “A mhic an duine, tochail sa bhalla.” Ar thochailt dom chonaic mé doras.

9. Dúirt sé liom: “Isteach leat agus féach na himeachtaí gránna atá ar siúl acu anseo.”

10. D'imigh mé isteach agus dhearc; bhí péisteanna agus ainmhithe míofara de gach sórt, agus íola uile mhuintir Iosrael línithe ar an mballa máguaird.

11. Ina seasamh rompu bhí seachtó de shinsir mhuintir Iosrael agus Iázainia mac Sheáfán ina measc; a cheansa ina láimh ag gach duine acu agus néal túise ag éirí as.

12. Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, an bhfuil feicthe agat cad tá ar siúl ag sinsir mhuintir Iosrael sa dorchadas, gach fear acu ina sheomra daite féin? Óir deir siad: ‘Ní fheiceann an Tiarna sinn, tá an tír tréigthe ag an Tiarna.’ ”

13. Dúirt sé liom fosta: “Feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós ar siúl acu.”

14. Ansin rug sé go doras gheata thuaidh theach an Tiarna mé; agus féach, bhí mná ina suí ansin ag gol ar son Tamúz.

15. Dúirt sé liom ansin: “An bhfuil seo feicthe agat, a mhic an duine? Feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 8