1. Sa séú bliain, ar an gcúigiú lá den séú mí, agus mé i mo shuí sa bhaile agus sinsir Iúdá ina suí os mo chomhair, thit lámh an Tiarna Dia orm ansiúd.
2. D'amharc mé uaim agus chonaic neach i riocht fir. Síos ó chló a leasraigh bhí tine le feiceáil; agus óna leasrach suas bhí cuma gheal air amhail prás snasta.
3. Shín sé amach mar a bheadh lámh agus rug ar dhual gruaige orm, agus d'ordaigh an spiorad mé idir neamh agus talamh; agus thug go Iarúsailéim mé i bhfíseanna ó Dhia, chuig an ngeata isteach go dtí an chúirt inmheánach lastuaidh, mar a suíodh íomhá an éada agus í ag griosú chun éada.
4. Agus féach, bhí glóir Dé Iosrael ansin mar an fhís a chonaic mé sa ghleann.
5. Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, ardaigh do shúile anois i dtreo an tuaiscirt.” D'ardaigh mé mo shúile i dtreo an tuaiscirt agus féach, sa bhealach isteach ó gheata na haltóra lastuaidh bhí íomhá seo an éada.
6. Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú a bhfuil ar siúl acu, na himeachtaí gránna atá ag muintir Iosrael anseo le mise a ruaigeadh i bhfad ó mo shanctóir? Ach feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.”
7. Rug sé mé ansin go doras na cúirte; agus ar dhearcadh uaim chonaic mé poll sa bhalla.
8. Dúirt sé liom: “A mhic an duine, tochail sa bhalla.” Ar thochailt dom chonaic mé doras.