Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 7:19-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Caitheann siad a gcuid airgid sna sráideanna agus is ábhar dímheasa acu a gcuid óir. Ní fhuasclófar iad de thairbhe airgid ná óir lá feirge an Tiarna; níl ar a gcumas seo an t‑ocras a shásamh ná an bolg a líonadh dóibh. Óir ba iadsan ba chionsiocair leis an urchóid acu.

20. Bhain siad feidhm dhíomasach as a n‑ornáidí áille; rinne siad a n‑íomhánna urchóideacha agus a n‑íola déistineacha leo. Dá bhrí sin fágfaidh mé mar ábhar uafáis acu iad.

21. Tabharfaidh mé ar láimh iad do na coimhthígh mar chreach, do bhithiúnaigh na tíre mar éadáil; agus truailleoidh siad iad.

22. Iompóidh mé m'aghaidh uathu, rud a fhágfaidh go dtruailleoidh siad mo chiste; rachaidh na meirligh isteach agus truailleoidh siad é.

23. “Déan slabhra duit féin; óir tá an tír lán de choireanna fuilteacha agus an chathair lán d'fhoréigean.

24. Tabharfaidh mé ar dhíogha na gciníocha dul i seilbh a dtithe; cuirfidh mé deireadh lena neart díomasach agus truailleofar a n‑áiteanna naofa.

25. Nuair a thiocfaidh an crá iarrfaidh siad síocháin, ach ní bheidh sí ar fáil.

26. Tagann tubaiste ar mhullach tubaiste, ráfla ar mhullach ráfla; iarrann siad fís ar an bhfáidh; ach teipeann an dlí ar an sagart agus an chomhairle ar na sinsir.

27. Tá an rí ag gol, tá an prionsa in anacair chroí, tá lámha mhuintir na tíre ar crith le huafás. Roinnfidh mé leo mar atá tuillte acu agus gearrfaidh mé pionós orthu de réir a mbreithiúnais féin; agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 7