Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 7:14-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Shéid siad an trumpa agus chuir gach rud i gcóir; ach ní théann duine ar bith chun catha, óir tá mise i bhfearg leo go léir le chéile.

15. “Tá an claíomh amuigh; tá an phlá agus an gorta istigh. An duine sa pháirc, éagfaidh sé leis an gclaíomh; an duine sa chathair, maróidh an gorta agus an phlá é.

16. Agus má théann aon chuid acu slán, beidh siad ar na sléibhte amhail coilm na ngleannta, an t‑iomlán acu ag caoineadh, gach duine i dtaobh a pheacaí féin.

17. Tá an uile lámh lag, an uile ghlúin fann mar uisce.

18. Crioslaíonn siad iad féin le sacéadach, agus iad uile ar ballchrith le huafás. Tá náire ar an uile aghaidh agus maoile ar an uile cheann.

19. Caitheann siad a gcuid airgid sna sráideanna agus is ábhar dímheasa acu a gcuid óir. Ní fhuasclófar iad de thairbhe airgid ná óir lá feirge an Tiarna; níl ar a gcumas seo an t‑ocras a shásamh ná an bolg a líonadh dóibh. Óir ba iadsan ba chionsiocair leis an urchóid acu.

20. Bhain siad feidhm dhíomasach as a n‑ornáidí áille; rinne siad a n‑íomhánna urchóideacha agus a n‑íola déistineacha leo. Dá bhrí sin fágfaidh mé mar ábhar uafáis acu iad.

21. Tabharfaidh mé ar láimh iad do na coimhthígh mar chreach, do bhithiúnaigh na tíre mar éadáil; agus truailleoidh siad iad.

22. Iompóidh mé m'aghaidh uathu, rud a fhágfaidh go dtruailleoidh siad mo chiste; rachaidh na meirligh isteach agus truailleoidh siad é.

23. “Déan slabhra duit féin; óir tá an tír lán de choireanna fuilteacha agus an chathair lán d'fhoréigean.

24. Tabharfaidh mé ar dhíogha na gciníocha dul i seilbh a dtithe; cuirfidh mé deireadh lena neart díomasach agus truailleofar a n‑áiteanna naofa.

25. Nuair a thiocfaidh an crá iarrfaidh siad síocháin, ach ní bheidh sí ar fáil.

26. Tagann tubaiste ar mhullach tubaiste, ráfla ar mhullach ráfla; iarrann siad fís ar an bhfáidh; ach teipeann an dlí ar an sagart agus an chomhairle ar na sinsir.

27. Tá an rí ag gol, tá an prionsa in anacair chroí, tá lámha mhuintir na tíre ar crith le huafás. Roinnfidh mé leo mar atá tuillte acu agus gearrfaidh mé pionós orthu de réir a mbreithiúnais féin; agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 7