Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 7:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

2. “A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia le tír Iosrael: Tá deireadh tagtha, deireadh le ceithre aird na tíre.

3. Anois tá deireadh leat! Scaoilfidh mé le mo fhearg ort agus gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat agus daorfaidh mé thú as d'imeachtaí gránna uile.

4. Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire ach tú a chúiteamh mar atá tuillte agat fad agus tá d'imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.

5. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tubaiste ar mhullach tubaiste! Féach é ag teacht!

6. Tá deireadh tagtha, tá an deireadh tagtha! Féach é ag teacht agus é chugat ina dhúiseacht.

7. Tá do shealsa buailte leat, a áitritheoir na tíre seo; tá an uair tagtha, an lá ar láimh, lá clampair agus ní lá gairdis ar na sléibhte.

8. Ar ball beag doirtfidh mé mo fhearg ort, ídeoidh mé mo chuthach ort agus gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat agus daorfaidh mé thú as d'imeachtaí gránna uile.

9. Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire; gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat fad agus tá d'imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh tú ansin gur mise, an Tiarna, a bhuaileann.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 7