Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 6:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

2. “A mhic an duine, iompaigh i dtreo shléibhte Iosrael agus tairngir ina gcoinne.

3. Abair: A shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna Dia! Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Féach, cuirfidh mé an claíomh anuas oraibh agus scriosfaidh mé bhur n‑áiteanna arda.

4. Bánófar bhur n‑altóirí, brisfear bhur scrínte túise; teilgfidh mé síos bhur mairbh os comhair bhur n‑íol.

5. Leagfaidh mé corpáin chlann Iosrael os comhair a n‑íol agus scaipfidh mé bhur gcnámha thart timpeall bhur n‑altóirí.

6. Cibé áit a mbeidh cónaí oraibh bánófar bhur gcathracha agus scriosfar bhur n‑áiteanna arda ionas go mbeidh bhur n‑altóirí bánta [millte], bhur n‑íola briste scriosta, bhur scrínte túise réabtha agus bhur n‑oibreacha curtha ar ceal.

7. Titfidh daoine marbh in bhur láthair agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.

8. “Ach fágfaidh mé cuid agaibh beo; tiocfaidh siad slán ón gclaíomh agus scaipfidh mé i measc na gciníocha iad.

9. Ansin cuimhneoidh siadsan a d'éalaigh ormsa, agus iad ar díbirt i measc na gciníocha. Mar beidh a gcroí a chuaigh ar seachrán uaim go macnasach [briste agam]; beidh a súile a théann go striapúil i ndiaidh a n‑íol dallta agam; agus ar fhéachaint orthu féin dóibh beidh gráin acu orthu mar gheall ar an olc a rinne siad, mar gheall ar a n‑uafáis go léir.

10. Tuigfidh siad mar sin gur mise an Tiarna; ní in aisce a dúirt mé go ndéanfainn an t‑olc seo orthu.”

11. Seo mar a deir an Tiarna Dia: “Buail bosa, buail cosa ar an talamh agus abair: Mo léan, ar son imeachtaí gránna uile mhuintir Iosrael; óir titfidh siad leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 6