Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 48:6-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Ar aon teorainn le hEafráim, anoir siar, roinn amháin do Reúbaen.

7. Ar aon teorainn le Reúbaen, anoir siar, roinn amháin do Iúdá.

8. Ar aon teorainn le Iúdá, anoir siar, tá roinn a chuirfidh sibh ar leataobh, cúig mhíle banlámh is fiche ar leithead agus ar aon fhad leis na ranna eile anoir siar. Beidh an sanctóir i lár báire.

9. “Cuirfidh sibh ar leataobh don Tiarna cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus fiche míle banlámh ar leithead.

10. Is do na sagairt an roinn choisricthe seo a bheidh cúig mhíle banlámh is fiche ar an taobh thuaidh, deich míle banlámh ar leithead ar an taobh thiar, deich míle banlámh ar leithead ar an taobh thoir agus cúig mhíle banlámh is fiche ar fad ar an taobh theas. Beidh sanctóir an Tiarna i lár báire.

11. Is do na sagairt choisricthe é sin, do mhic Zádóc a chomhlíon a ndualgais dom agus nár imigh ar seachrán nuair a chuaigh muintir Iosrael ar seachrán, amhail na Léivítigh.

12. Gheobhaidh siad roinn as roinn rónaofa na tíre ar aon teorainn le fearann na Léivíteach.

13. Taobh le roinn na sagart beidh roinn ag na Léivítigh cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus deich míle ar leithead. Beidh fad iomlán chúig mhíle banlámh is fiche ann agus leithead [fiche] míle.

14. Ní bheidh cead acu aon chuid de a dhíol nó a mhalartú; ní féidir an tseilbh a aistriú go brách mar tá sé naofa don Tiarna.

15. “An fuílleach, cúig mhíle banlámh ar leithead agus cúig mhíle is fiche ar fad, is le haghaidh na cathrach é, le haghaidh tithe cónaithe agus páirceanna. Beidh an chathair i lár báire;

16. agus seo mar a thomhaisfear í: ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh thuaidh, ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh theas; ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh thoir; ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh thiar.

17. Sínfidh páirceanna na cathrach dhá chéad agus caoga banlámh ó thuaidh, dhá chéad agus caoga banlámh ó dheas, dhá chéad agus caoga banlámh soir, agus dhá chéad agus caoga banlámh siar.

18. Fágfar deich míle banlámh soir agus deich míle siar ar aon teorainn leis an roinn naofa; beidh a thoradh seo mar bhia ag lucht oibre na cathrach.

19. Tiocfaidh an lucht oibre cathrach seo ó gach treibh in Iosrael á shaothrú.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 48