Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 48:24-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Ar aon teorainn le Biniáimin, anoir siar, roinn amháin do Shimeon.

25. Ar aon teorainn le Simeon, anoir siar, roinn amháin do Íosácár.

26. Ar aon teorainn le hÍosácár, anoir siar, roinn amháin do Zabúlun.

27. Ar aon teorainn le Zabúlun, anoir siar, roinn amháin do Ghád.

28. Ar aon teorainn le Gád ó dheas, sínfidh an teorainn ó Thámár go huiscí Mhiríbeá Cáidéis fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór.

29. Sin í an talamh a roinnfidh sibh i measc treibheanna Iosrael mar oidhreacht dóibh agus sin iad na ranna eagsúla uirthi - an Tiarna Dia a labhraíonn.

30. “Seo iad na bealaí amach ón gcathair. Ar an taobh thuaidh, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad de réir miosúir,

31. beidh trí gheata: geata Reúbaen, geata Iúdá, geata Léiví; ainmneofar na geataí de réir treibheanna Iosrael.

32. Ar an taobh thoir, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad, beidh trí gheata: geata Iósaef, geata Bhiniáimin, geata Dhán.

33. Ar an taobh theas, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad, beidh trí gheata: geata Shimeon, geata Íosácár, geata Zabúlun.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 48