Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 48:17-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Sínfidh páirceanna na cathrach dhá chéad agus caoga banlámh ó thuaidh, dhá chéad agus caoga banlámh ó dheas, dhá chéad agus caoga banlámh soir, agus dhá chéad agus caoga banlámh siar.

18. Fágfar deich míle banlámh soir agus deich míle siar ar aon teorainn leis an roinn naofa; beidh a thoradh seo mar bhia ag lucht oibre na cathrach.

19. Tiocfaidh an lucht oibre cathrach seo ó gach treibh in Iosrael á shaothrú.

20. An roinn seo a chuirfidh tú ar leataobh beidh sí ina cearnóg, cúig mhíle banlámh is fiche ar gach taobh; is é sin an roinn naofa agus talamh na cathrach le chéile.

21. Is don phrionsa fuílleach na roinne naofa agus thalamh na cathrach. Sínfidh sé ón gcúig mhíle banlámh is fiche den roinn naofa soir agus ón gcúig mhíle banlámh is fiche siar ar aon teorainn le ranna na dtreibheanna; is don phrionsa é. Beidh an roinn naofa agus sanctóir an Teampaill i lár baire.

22. Mar sin, seachas sealúchas na Léivíteach agus sealúchas na cathrach atá suite taobh istigh de shealúchas an phrionsa, is don phrionsa a bhfuil suite idir talamh Iúdá agus talamh Bhiniáimin.

23. “Seo iad na treibheanna: anoir siar, roinn amháin do Bhiniáimin.

24. Ar aon teorainn le Biniáimin, anoir siar, roinn amháin do Shimeon.

25. Ar aon teorainn le Simeon, anoir siar, roinn amháin do Íosácár.

26. Ar aon teorainn le hÍosácár, anoir siar, roinn amháin do Zabúlun.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 48