Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 47:9-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Aon áit a sileann an abhainn mairfidh gach dúil bheo a chorraíonn inti agus beidh flúirse éisc ann; de bhrí go mbíonn sláinte aon áit a dtéann an t‑uisce agus go mbíonn an t‑anam i ngach dúil aon áit a sileann an abhainn.

10. Beidh iascairí ar a bruacha. Leathfar na líonta ó Éan Geidí go hÉan Eaglaím; beidh ilchineálacha éisc inti amhail éisc na Farraige Móire.

11. Ní thiocfaidh úire sna riasca agus sna bogaigh; fágfar iadsan ina sáile.

12. Ar bhruach na habhann, ar an dá bhruach, fásfaidh gach cineál crann toraidh, le duilleoga nach bhfeonn agus le toradh nach dteipeann. Béarfaidh siad toradh úr gach mí de bhrí go sileann an t‑uisce seo dóibh ón sanctóir. Beidh a dtoradh mar bhia agus a nduilleoga mar leigheas.”

13. “Seo mar a deir an Tiarna Dia. Seo iad na teorainneacha lena roinnfidh sibh an tír mar oidhreacht ar dhá threibh dhéag Iosrael, ag tabhairt dhá roinn do Iósaef.

14. Roinnfidh sibh é cothrom; mhionnaigh mé an tír a bhronnadh ar bhur n‑aithreacha agus titfidh sé oraibh mar oidhreacht.

15. Seo iad teorainneacha na tíre: Ar an taobh thuaidh ón bhFarraige Mhór bealach Heatlon isteach go Hamát agus ar aghaidh go Zadad,

16. Baerótá, Sabraím ar an teorainn idir an Damaisc agus Hamát, agus go Hazaer hat Tíceon ar theorainn Haurán.

17. Sínfidh an teorainn ón bhfarraige go Hazaer Éineon atá ar theorainn thuaidh na Damaisce agus ar theorainn Hamát ó thuaidh fosta. Sin é an teorainn thuaidh.

18. Ar an taobh thoir sínfidh an teorainn le taobh an Iordáin idir Haurán agus an Damaisc, idir Gileád agus tír Iosrael go dtí an Fharraige Thoir síos fad le Támár. Sin é an teorainn thoir.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 47