Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 47:13-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. “Seo mar a deir an Tiarna Dia. Seo iad na teorainneacha lena roinnfidh sibh an tír mar oidhreacht ar dhá threibh dhéag Iosrael, ag tabhairt dhá roinn do Iósaef.

14. Roinnfidh sibh é cothrom; mhionnaigh mé an tír a bhronnadh ar bhur n‑aithreacha agus titfidh sé oraibh mar oidhreacht.

15. Seo iad teorainneacha na tíre: Ar an taobh thuaidh ón bhFarraige Mhór bealach Heatlon isteach go Hamát agus ar aghaidh go Zadad,

16. Baerótá, Sabraím ar an teorainn idir an Damaisc agus Hamát, agus go Hazaer hat Tíceon ar theorainn Haurán.

17. Sínfidh an teorainn ón bhfarraige go Hazaer Éineon atá ar theorainn thuaidh na Damaisce agus ar theorainn Hamát ó thuaidh fosta. Sin é an teorainn thuaidh.

18. Ar an taobh thoir sínfidh an teorainn le taobh an Iordáin idir Haurán agus an Damaisc, idir Gileád agus tír Iosrael go dtí an Fharraige Thoir síos fad le Támár. Sin é an teorainn thoir.

19. Ar an taobh theas ó Thámár ó dheas go huiscí Mhiríbeá Caidéis, fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór. Sin é an teorainn theas.

20. Ar an taobh thiar beidh an Fharraige Mhór mar theorainn fad le bealach Hamát. Sin é an teorainn thiar.

21. Roinnfidh sibh an tír seo eadraibh, de réir treibheanna Iosrael.

22. Roinnfidh sibh é mar oidhreacht oraibh féin agus ar na coimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus a ghin páistí in bhur measc. Beidh siadsan mar dhúchasaigh i measc chlann Iosrael; gheobhaidh siad oidhreacht le crannchur mar aon libhse i measc treibheanna Iosrael.

23. Tabharfaidh sibh a n‑oidhreacht don choimhthíoch de réir na treibhe lena gcónaíonn sé - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 47