Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 47:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Rug sé ar ais mé go doras an Teampaill; agus féach, bhí uisce ag sceitheadh soir amach faoi bhun thairseach an Teampaill - bhí an Teampall féin ag féachaint soir. Sceith an t‑uisce amach faoi bhun an taoibh theas de thairseach an Teampaill, ó dheas ón altóir.

2. Rug sé ansin mé amach an geata thuaidh agus thug orm dul timpeall amuigh fad leis an ngeata seachtrach thoir, áit a raibh an t‑uisce ag sceitheadh soir.

3. Chuaigh an fear soir agus a shlat tomhais ina láimh agus thomhais sé míle banlámh. Thug sé orm ansin siúl tríd an uisce; chuaigh an t‑uisce go murnán orm.

4. Thomhais sé míle eile agus thug orm siúl tríd an uisce athuair; chuaigh an t‑uisce go glúine orm. Thomhais sé míle eile agus thug orm siúl tríd an uisce arís; chuaigh an t‑uisce go leasrach orm.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 47