Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 45:3-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. As an tearmann seo tomhaisfidh tú roinn cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus deich míle banlámh ar leithead ina mbeidh an sanctóir, an áit rónaofa.

4. Beidh sé ar an gcuid naofa den tír, beidh sé ag na sagairt a fhreastalaíonn sa sanctóir agus a thriallann ar an Tiarna a dhéanamh seirbhíse dó. Beidh an áit sin ina láthair dá dtithe acu agus ina áit naofa don sanctóir.

5. Roinn eile, cúig mhíle banlámh ar fad agus deich míle banlámh ar leithead, beidh sé mar láthair dá mbailte cónaithe ag na Léivítigh a fhreastalaíonn sa Teampall.

6. Le hais na ranna a bhaineann leis an sanctóir tabharfaidh sibh don chathair mar ghabháltas cúig mhíle banlámh ar leithead agus cúig mhíle banlámh is fiche ar fad; beidh seo ag muintir Iosrael uile.

7. “Beidh roinn ag an bprionsa ar an dá thaobh de fhearann an tsanctóra agus de ghabháltas na cathrach, ar aon teorainn le fearann an tsanctóra agus le gabháltas na cathrach siar agus soir, ar aon fhad le roinn treibhe agus ag síneadh ó theorainn thiar go teorainn thoir na tíre.

8. Sín é a ghabháltas in Iosrael. Ní bhrúfaidh mo phrionsaí ar mo phobal níos mó; ach fágfaidh siad an chuid eile den tír do mhuintir Iosrael de réir a dtreibheanna.

9. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Go mba leor libh é seo, a phrionsaí Iosrael! Éirígí as an láimh láidir agus as an ansmacht; cuirigí an chóir agus an fhíréantacht i bhfeidhm; ná brúigí ar mo phobal níos mó le tobhach cíosa - an Tiarna Dia a labhraíonn.

10. Bíodh scálaí cothroma agaibh, éafá cothrom agus bat cothrom.

11. Bíodh an t‑éafá agus an bat ar aon mhiosúr, ionas go gcoinneodh an bat an deichiú cuid de hoimear agus an t‑éafá an deichiú cuid de hoimear. Bíodh an hoimear ina chaighdeán mar mhiosúr.

12. Bíodh fiche géará sa seicil; agus in aon mhíoná amháin agaibh bíodh fiche seicil, cúig sheicil is fiche agus cúig sheicil déag.

13. “Seo í an ofráil a thobhfaidh sibh, an séú cuid d'éafá ó gach hoimear cruithneachta, agus an séú cuid d'éafá ó gach hoimear eorna.

14. An tobhach ar ola: bat ola ó gach deich mbat nó ó gach cor, atá ar aon mhiosúr le deich mbat nó le haon hoimear amháin de bhrí gurb ionann deich mbat agus hoimear.

15. Tobhfaidh sibh caora ó gach tréad de dhá chéad ó [theaghlaigh] Iosrael; sin í an ofráil do na habhlanna, do na híobairtí dóite agus do na híobairtí síochána. Is é sin bhur leorghníomh - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 45