Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 45:13-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. “Seo í an ofráil a thobhfaidh sibh, an séú cuid d'éafá ó gach hoimear cruithneachta, agus an séú cuid d'éafá ó gach hoimear eorna.

14. An tobhach ar ola: bat ola ó gach deich mbat nó ó gach cor, atá ar aon mhiosúr le deich mbat nó le haon hoimear amháin de bhrí gurb ionann deich mbat agus hoimear.

15. Tobhfaidh sibh caora ó gach tréad de dhá chéad ó [theaghlaigh] Iosrael; sin í an ofráil do na habhlanna, do na híobairtí dóite agus do na híobairtí síochána. Is é sin bhur leorghníomh - an Tiarna Dia a labhraíonn.

16. Tabharfaidh muintir uile na tíre an ofráil seo do phrionsa Iosrael.

17. Beidh dualgas ar an bprionsa na híobairtí dóite, na habhlanna agus na híobairtí dí a chur ar fáil ag na féilte, ag na réanna nua agus na sabóidí, ag féilte cinnte uile mhuintir Iosrael. Cuirfidh sé ar fáil na híobairtí peaca, na habhlanna, na híobairtí dóite agus na híobairtí síochána mar leorghníomh ar son mhuintir Iosrael.

18. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ar an gcéad lá den chéad mhí glacfaidh tú tarbh óg gan smál agus glanfaidh tú an sanctóir.

19. Glacfaidh an sagart cuid den fhuil ón íobairt pheaca agus doirtfidh í ar ursaineacha an Teampaill, ar cheithre chúinne phlionta na haltóra agus ar ursaineacha na ngeataí sa chúirt inmheánach.

20. Déanfaidh tú amhlaidh ar an seachtú lá den mhí ar son an duine a pheacaigh trí neamart nó aineolas. Mar seo a dhéanfaidh tú leorghníomh don Teampall.

21. Ar an gceathrú lá déag den chéad mhí beidh ort féile na Cásca a cheiliúradh. Ar feadh seacht lá íosfaidh cách arán gan ghabháil.

22. An lá sin ofrálfaidh an prionsa tarbh óg mar íobairt pheaca dó féin agus do phobal uile na tíre.

23. Ar feadh seacht lá na féile ofrálfaidh sé mar íobairt dhóite don Tiarna seacht dtarbh óga agus seacht reithe gan smál, gach lá den tseachtain; agus pocán gabhair gach lá mar íobairt pheaca.

24. Ofrálfaidh sé mar abhlann éafá do gach tarbh, éafá do gach reithe, agus hín ola do gach éafá.

25. “Don fhéile a thiteann ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí, déanfaidh sé mar an gcéanna ar feadh seacht lá, ag soláthar d'íobairtí peaca, d'íobairtí dóite, d'abhlann agus d'ola.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 45