8. In ionad bhur ndualgais dom a chomhlíonadh sa sanctóir thug sibh cúram mo dhualgas do choimhthígh.
9. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Aon choimhthíoch gan timpeallghearradh ina chroí agus ina chorp, de na coimhthígh uile a chónaíonn i measc mhuintir Iosrael, ná téadh sé isteach i mo shanctóir.
10. “Na Léivítigh a thréig mé agus a chuaigh ar seachrán i bhfad uaim i ndiaidh a n‑íol nuair a chuaigh Iosrael ar seachrán, iompróidh siad ualach a bpeacaí féin.
11. Beidh siad ina bhfreastalaithe sa sanctóir agam agus an cúram orthu geataí an Teampaill a ghardáil agus an Teampall féin a fhreastal. Maróidh siad an íobairt dhóite agus an ofráil don phobal, agus beidh siad i láthair chun freastal ar an bpobal.
12. De bhrí gur fhreastail siad orthu os comhair a n‑íol agus gur cheap tuisle peaca iad do mhuintir Iosrael, dá bhrí sin mhionnaigh mé ina n‑aghaidh - an Tiarna Dia a labhraíonn - go n‑iompróidh siad ualach a bpeaca.
13. Ní bheidh cead acu triall orm arís chun gnó sagairt a dhéanamh liom, ná teacht in aice leis na nithe naofa liom ná na nithe rónaofa; ach beidh siad faoi náire ag na nithe gránna a rinne siad.
14. Ach tabharfaidh mé cúram an Teampaill dóibh le haghaidh a fhreastail go léir agus an uile rud atá le déanamh.
15. “Na sagairt Léivíteacha, mic Zádóc, a chomhlíon a ndualgais dom sa sanctóir nuair a chuaigh muintir Iosrael ar seachrán i bhfad uaim, beidh cead acusan triall orm chun freastal orm. Seasfaidh siad i mo láthair ag ofráil saille agus fola dom - an Tiarna Dia a labhraíonn.