Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 43:9-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. As seo amach díbreoidh siad an striapachas agus conablaigh a ríthe i bhfad ar shiúl uaim agus cónóidh mé ina measc go brách.

10. “A mhic an duine, tabhair tuairisc an Teampaill seo do mhuintir Iosrael; dearaidís an plean ionas go mbeidh náire orthu de bharr a bpeacaí.

11. Má bhíonn náire orthu de bharr a n‑imeachtaí, taispeáin crot agus plean an Teampaill dóibh, na slite amach as agus na slite isteach ann, a dhéanamh agus a leagan amach. Cuir in iúl dóibh a dheasghnátha agus a dhlíthe agus scríobh síos dóibh é os a gcomhair ionas go gcomhlíonfaidís agus go gcleachtfaidís a [dhlíthe] agus a dheasghnátha uile.

12. Seo é bunreacht an Teampaill: an láthair uile ar mhullach an tsléibhe agus máguaird is áit rónaofa é. Féach, sin é bunreacht an Teampaill.”

13. Seo iad tomhais na haltóra de réir banlámh - tá banlámh anseo ar chomhfhad le cnámh rí agus leithead boise. Beidh an bun banlámh ar airde agus banlámh ar leithead; an t‑imeall timpeall aon réise amháin. Seo airde na haltóra:

14. ón mbonn ar an urlár go dtí an plionta íochtarach, dhá bhanlámh ar airde, agus banlámh ar leithead; ón bplionta is lú go dtí an plionta is mó ceithre bhanlámh ar airde agus banlámh ar leithead.

15. Beidh leac na haltóra ceithre bhanlámh ar airde agus beidh ceithre adharc ag síneadh in airde ón leac.

16. Beidh leac na haltóra cearnógach, dhá bhanlámh déag ar fad agus dhá bhanlámh déag ar leithead.

17. Beidh an plionta cearnógach fosta, ceithre bhanlámh déag ar fad agus ceithre bhanlámh déag ar leithead. Beidh an t‑imeall thart air leathbhanlámh ar leithead agus a bhun banlámh thart timpeall. Beidh céimeanna na haltóra ag féachaint soir.

18. Dúirt sé liom: “A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia: Seo iad na deasghnátha don altóir. An lá a thógfar í le haghaidh ofráil íobairtí dóite agus doirteadh fola,

19. tabharfaidh tú tarbh mar íobairt pheaca do na sagairt Léivíteacha de shíol Zádóc a thagann chugam chun freastal orm - an Tiarna Dia a labhraíonn.

20. Glacfaidh tú cuid den fhuil agus cuirfidh tú í ar cheithre adharc na haltóra agus ar cheithre chúinne an phlionta agus ar an imeall thart timpeall. Mar seo a ghlanfaidh tú an altóir agus a dhéanfaidh tú leorghníomh ar a son.

21. Glacfaidh tú fosta tarbh na híobartha peaca agus dófaidh tú sa láthair cheart den Teampall taobh amuigh den sanctóir é.

22. An dara lá ofrálfaidh tú gabhar fireann gan smál mar íobairt pheaca; agus glanfar an altóir arís mar a glanadh leis an tarbh.

23. Agus í glanta agat ofrálfaidh tú tarbh gan smál agus reithe gan smál ón tréad.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 43