Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 43:2-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Féach, tháinig glóir Dhia Iosrael anoir. Tháinig fuaim leis amhail fuaim mhórán uiscí; agus shoilsigh an domhan lena ghlóir.

3. Bhí an fhís seo a chonaic mé ar aon dul leis an bhfís a chonaic mé nuair a tháinig sé ag scriosadh na cathrach, agus leis an bhfís a chonaic mé ag bruach na habhann Ceabár. Shléacht mé go talamh.

4. Tháinig glóir an Tiarna isteach sa Teampall ag an ngeata thoir.

5. Thóg an spiorad mé agus thug isteach sa chúirt inmheánach mé; agus féach, líon glóir an Tiarna an Teampall.

6. Bhí fear ina sheasamh taobh liom agus chuala mé duine ag labhairt liom ón Teampall amach.

7. Dúirt sé liom: “A mhic an duine, is é seo suíomh mo ríchathaoireach, an áit ar a leagfaidh mé boinn mo chos. Cónóidh mé anseo i lár chlann Iosrael go brách. Muintir Iosrael agus a ríthe ní thruailleoidh siad m'ainm naofa choíche arís, lena striapachas agus le conablaigh a ríthe,

8. ag cur a dtairsí le hais mo thairsí agus a n‑ursaineacha le hais m'ursaineacha, gan ach balla idir mé agus iad. Thruaillídís m'ainm naofa leis na nithe gránna a dhéanaidís, agus dá bhrí sin scrios mé iad go feargach.

9. As seo amach díbreoidh siad an striapachas agus conablaigh a ríthe i bhfad ar shiúl uaim agus cónóidh mé ina measc go brách.

10. “A mhic an duine, tabhair tuairisc an Teampaill seo do mhuintir Iosrael; dearaidís an plean ionas go mbeidh náire orthu de bharr a bpeacaí.

11. Má bhíonn náire orthu de bharr a n‑imeachtaí, taispeáin crot agus plean an Teampaill dóibh, na slite amach as agus na slite isteach ann, a dhéanamh agus a leagan amach. Cuir in iúl dóibh a dheasghnátha agus a dhlíthe agus scríobh síos dóibh é os a gcomhair ionas go gcomhlíonfaidís agus go gcleachtfaidís a [dhlíthe] agus a dheasghnátha uile.

12. Seo é bunreacht an Teampaill: an láthair uile ar mhullach an tsléibhe agus máguaird is áit rónaofa é. Féach, sin é bunreacht an Teampaill.”

13. Seo iad tomhais na haltóra de réir banlámh - tá banlámh anseo ar chomhfhad le cnámh rí agus leithead boise. Beidh an bun banlámh ar airde agus banlámh ar leithead; an t‑imeall timpeall aon réise amháin. Seo airde na haltóra:

14. ón mbonn ar an urlár go dtí an plionta íochtarach, dhá bhanlámh ar airde, agus banlámh ar leithead; ón bplionta is lú go dtí an plionta is mó ceithre bhanlámh ar airde agus banlámh ar leithead.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 43