Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 42:13-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Dúirt sé liom: “Na seomraí thuaidh agus na seomraí theas os comhair an chlóis, is seomraí naofa iad, ina n‑íosfaidh na sagairt a thagann i láthair an Tiarna na nithe rónaofa. Ansin a chuirfidh siad na nithe rónaofa - an íobairt dhóite, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh - mar is áit naofa é seo.

14. Nuair a rachaidh na sagairt isteach ann ní imeoidh siad ón áit naofa chuig an chúirt sheachtrach gan éide an liotúirge a fhágáil ansin, mar is naofa í an éide seo. Cuirfidh siad éadaí eile orthu féin sula rachaidh siad in áiteanna a bhaineann leis an bpobal.”

15. Nuair a chríochnaigh sé tomhas an Teampaill istigh thug sé amach chuig an geata thoir mé agus thomhais sé spás an Teampaill thart timpeall.

16. Thomhais sé an taobh thoir lena shlat tomhais; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais.

17. Thomhais sé ansin an taobh thuaidh; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais.

18. Thomhais sé an taobh theas; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais.

19. Thomhais sé an taobh thiar; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais.

20. Thomhais sé a cheithre thaobh; bhí siad cúig chéad banlámh ar fad agus cúig chéad banlámh ar leithead. Bhí balla thart timpeall air a scar an áit naofa ón áit choitianta.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 42