Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 4:9-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. “Tóg cruithneacht agus eorna, pónairí agus lintilí, muiléad agus coirce sléibhe; cuir san aon soitheach iad agus déan arán duit féin astu. Íosfaidh tú é ar feadh uimhir na laethanta a luífidh tú ar do thaobh, trí chéad agus nócha lá.

10. An bia a íosfaidh tú meáfaidh sé fiche seicil an lá; uair amháin sa lá a íosfaidh tú.

11. An t‑uisce a ólfaidh tú tomhaisfidh sé an séú cuid de hín; uair amháin sa lá a ólfaidh tú.

12. Íosfaidh tú an t‑arán amhail ciste eorna, agus é á bhruith agat os a gcomhair os cionn otrach duine.

13. An Tiarna a dúirt: ‘Mar seo a chaithfidh clann Iosrael a n‑arán salach a ithe i measc na gciníocha mar a ndíbreoidh mise iad.’ ”

14. Ansin dúirt mise: “Féach, a Thiarna Dia, níor thruailligh mise m'anam; ó m'óige aníos níor ith mé aon rud a d'éag uaidh féin ná aon rud a stróiceadh ag ainmhithe; níor tháinig feoil thruaillithe i mo bhéal ach oiread.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 4