Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 4:12-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Íosfaidh tú an t‑arán amhail ciste eorna, agus é á bhruith agat os a gcomhair os cionn otrach duine.

13. An Tiarna a dúirt: ‘Mar seo a chaithfidh clann Iosrael a n‑arán salach a ithe i measc na gciníocha mar a ndíbreoidh mise iad.’ ”

14. Ansin dúirt mise: “Féach, a Thiarna Dia, níor thruailligh mise m'anam; ó m'óige aníos níor ith mé aon rud a d'éag uaidh féin ná aon rud a stróiceadh ag ainmhithe; níor tháinig feoil thruaillithe i mo bhéal ach oiread.”

15. Dúirt sé liom ansin: “Féach, tugaim duit otrach bó in ionad otrach duine; bruithfidh tú d'arán air sin.”

16. Dúirt sé liom chomh maith: “Féach, a mhic an duine, scriosfaidh mé an stór aráin in Iarúsailéim; íosfaidh siad arán a mheáfar go beacht le barr duainéise, agus ólfaidh siad uisce a thomhaisfear go gortach le barr uafáis.

17. Cuirfidh mé ar an ngannchuid aráin agus uisce iad ionas go mbeidh siad ag féachaint ar a chéile le huafás agus ag éirí spíonta óna bpionós.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 4