Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 39:4-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Marófar thú ar shléibhte Iosrael, tú féin, do shlua uile agus na ciníocha leat. Tabharfaidh mé suas mar bhia thú d'éin chreiche de gach sórt agus d'ainmhithe allta.

5. Titfidh tú ar an machaire lom. Mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.

6. Seolfaidh mé tine ar Mhagóg agus orthu san a chónaíonn faoi shuaimhneas sna hinsí, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.

7. Féachfaidh mé chuige go n‑aithneofar m'ainm naofa i measc mo phobail, Iosrael; agus ní cheadóidh mé níos mó m'ainm naofa a thruailliú. Tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna, an Neach Naofa in Iosrael.

8. “Féach, titfidh seo amach, tá sé ar tí titim amach - an Tiarna Dia a labhraíonn. Sin é an lá ar ar labhair mé.

9. Rachaidh an mhuintir a chónaíonn i mbailte Iosrael amach agus cuirfidh siad na hairm seo trí thine, na lúireacha agus na cruinnsciatha, na boghanna agus na saigheada, na bataí agus na sleánna. Lasfaidh an tine leo ar feadh seacht mbliana,

10. ionas nach mbeidh orthu connadh a chuardach faoin tuath ná a ghearradh sa choill; óir beidh ábhar tine acu sna hairm. Creachfaidh siad lucht a gcreiche agus sladfaidh siad lucht a slada féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.

11. “An lá sin tabharfaidh mé do Ghóg ionad adhlactha in Iosrael, Gleann na nAbaraím soir ón bhfarraige. Coiscfidh sé lucht taistil de bhrí go mbeidh Góg agus a shlua uile curtha ann. Gleann Hamón Góg an t‑ainm a bheidh air.

12. Glacfaidh sé seacht mí ag muintir Iosrael iad a chur agus an tír a ghlanadh.

13. Adhlacfaidh muintir uile na tíre iad agus gheobhaidh siad onóir dá bharr an lá a thaispeánfaidh mise mo ghlóir - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 39