21. “Seo mar a léireoidh mé mo ghlóir do na ciníocha, agus feicfidh na ciníocha uile an breithiúnas a thug mé agus an lámh a leag mé orthu.
22. Tuigfidh muintir Iosrael gur mise a dTiarna Dia ón lá sin amach.
23. Tuigfidh na ciníocha gur seoladh muintir Iosrael i mbraighdeanas de bharr a bpeaca, de bhrí gur imir siad chomh fealltach liom gur iompaigh mé m'aghaidh uathu agus gur thug mé suas dá naimhde iad; agus gur thit siad uile leis an gclaíomh.
24. D'imir mé leo de réir mar bhí tuillte acu mar gheall ar a bpeacaí gránna agus a gcionta agus d'iompaigh mé m'aghaidh uathu.
25. “Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé anois chun Iacób a thabhairt ar ais ó bhraighdeanas agus chun trócaire a dhéanamh ar mhuintir Iosrael uile agus beidh éad orm faoi m'ainm naofa.