Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 39:18-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Íosfaidh sibh feoil na ngaiscíoch agus ólfaidh fuil phrionsaí an domhain; reithí agus uain, gabhair agus tairbh iad, agus iad uile dea-chothaithe i mBáiseán.

19. Íosfaidh sibh saill go mbeidh sibh lán, ólfaidh sibh fuil go mbeidh sibh ar meisce ag an bhféasta íobartha seo a ullmhaím daoibh.

20. Líonfar sibh go béal ag mo thábla le capaill agus marcaigh, le gaiscígh agus le curaidh de gach sórt - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

21. “Seo mar a léireoidh mé mo ghlóir do na ciníocha, agus feicfidh na ciníocha uile an breithiúnas a thug mé agus an lámh a leag mé orthu.

22. Tuigfidh muintir Iosrael gur mise a dTiarna Dia ón lá sin amach.

23. Tuigfidh na ciníocha gur seoladh muintir Iosrael i mbraighdeanas de bharr a bpeaca, de bhrí gur imir siad chomh fealltach liom gur iompaigh mé m'aghaidh uathu agus gur thug mé suas dá naimhde iad; agus gur thit siad uile leis an gclaíomh.

24. D'imir mé leo de réir mar bhí tuillte acu mar gheall ar a bpeacaí gránna agus a gcionta agus d'iompaigh mé m'aghaidh uathu.

25. “Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé anois chun Iacób a thabhairt ar ais ó bhraighdeanas agus chun trócaire a dhéanamh ar mhuintir Iosrael uile agus beidh éad orm faoi m'ainm naofa.

26. Déanfaidh siad dearmad den náire agus den fheall go léir a chleacht siad liom agus iad ina suí go suaimhneach ina dtír féin gan eagla.

27. Nuair a thabharfaidh mé abhaile iad as na ciníocha agus a bhaileoidh mé iad ó thíortha a naimhde, nuair a léireoidh mé mo naofacht tríothu os comhair a lán ciníocha,

28. tuigfidh siad gur mise, an Tiarna, a nDia; óir chuir mé ar díbirt iad i measc na gciníocha agus ansin bhailigh mé le chéile iad ina dtír féin, gan aon duine fágtha i measc na gciníocha a thuilleadh.

29. Ní iompóidh mé m'aghaidh uathu arís nuair a dhoirtfidh mé mo spiorad amach ar mhuintir Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 39