Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 39:11-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. “An lá sin tabharfaidh mé do Ghóg ionad adhlactha in Iosrael, Gleann na nAbaraím soir ón bhfarraige. Coiscfidh sé lucht taistil de bhrí go mbeidh Góg agus a shlua uile curtha ann. Gleann Hamón Góg an t‑ainm a bheidh air.

12. Glacfaidh sé seacht mí ag muintir Iosrael iad a chur agus an tír a ghlanadh.

13. Adhlacfaidh muintir uile na tíre iad agus gheobhaidh siad onóir dá bharr an lá a thaispeánfaidh mise mo ghlóir - an Tiarna Dia a labhraíonn.

14. Beidh fir a roghnófar d'aonghnó chun dul suas síos tríd an tír á n‑adhlacadh siúd a fágadh ar an talamh, agus ag glanadh na tíre. Beidh siad ag cuardach ar feadh seacht mí.

15. Agus ar a mbealach dóibh tríd an tír, má fheiceann aon duine acu cnámha duine, cuirfidh sé comhartha in aice leo nó go gcuirfidh an lucht adhlactha iad i nGleann Hamón Góg. -

16. Hamóná ainm an bhaile san áit sin - agus is mar sin a ghlanfaidh siad an tír.

17. “A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia: Labhair le gach sórt éin agus leis an uile ainmhí sa mhachaire: Tionólaigí agus tagaigí anseo, tagaigí le chéile i gcomhair an fhéasta íobartha atá mé a ullmhú daoibh, féasta mór íobartha ar shléibhte Iosrael ina n‑íosfaidh sibh feoil agus ina n‑ólfaidh sibh fuil.

18. Íosfaidh sibh feoil na ngaiscíoch agus ólfaidh fuil phrionsaí an domhain; reithí agus uain, gabhair agus tairbh iad, agus iad uile dea-chothaithe i mBáiseán.

19. Íosfaidh sibh saill go mbeidh sibh lán, ólfaidh sibh fuil go mbeidh sibh ar meisce ag an bhféasta íobartha seo a ullmhaím daoibh.

20. Líonfar sibh go béal ag mo thábla le capaill agus marcaigh, le gaiscígh agus le curaidh de gach sórt - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 39