11. Déarfaidh tú: ‘Ionsóidh mé tír seo na mbailte gan bhallaí; ionsóidh mé an mhuintir chiúin seo a chónaíonn ar a suaimhneas i mbailte atá gan bhallaí ná barraí ná geataí.’
12. Ar mhaithe le héadáil agus creach a bhreith liom ionsóidh mé na háiteanna fásaigh a bhfuil cónaí ar dhaoine arís iontu, an mhuintir seo a tháinig le chéile ó na ciníocha, a tháinig i seilbh eallaigh agus earraí, a chónaíonn i gceartlár an domhain.
13. Seabá agus Déadán, ceannaithe Thairsís agus a gcoileáin leon uile, fiafróidh siad díot: ‘An ar lorg creiche a tháinig tú? Ar thionóil tú na sluaite le héadáil a ghlacadh, le hairgead agus ór a bhreith leat, le heallach agus earraí a sciobadh agus creach mhór a ghabháil?’
14. “Tairngir, a mhic an duine, dá bhrí sin. Abair le Góg: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nach fíor go bhfuil sé [ar intinn agat cur chun bóthair] agus mo phobal Iosraél ina suí go suaimhneach?
15. Fágfaidh tú do bhaile sna haird is faide ó thuaidh, thú féin agus a lán ciníocha leat, tóstal an-mhór, slua airm cumasach iad uile ar muin each.
16. Ionsóidh tú mo phobal Iosrael amhail néal ag clúdach na talún. Sna laethanta déanacha spreagfaidh mé thú chun mo thír a ghabháil i dtreo go n‑aithneoidh na ciníocha mé, nuair a bhainfidh mé feidhm asatsa, a Ghóg, chun mo naofacht a léiriú os a gcomhair.
17. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ba ortsa a bhí mé a labhairt sna seanlaethanta trí mo sheirbhísigh, fáithe Iosrael, a thairngríodh ar feadh na mblianta sna laethanta sin go seolfainn thú ina n‑aghaidh.
18. Ach an lá a thabharfaidh Góg ruathar isteach i dtír Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn - tiocfaidh fearg orm.
19. Dearbhaím agus cuthach éada orm: ‘Go deimhin beidh crith as cuimse i dtír Iosrael an lá sin.’
20. Éisc na farraige, éanlaith an aeir, ainmhithe an mhachaire, péisteanna na talún agus daoine uile an domhain, crithfidh siad i mo láthair. Leagfar na sléibhte, réabfar na hailteanna, titfidh gach balla go talamh.
21. Cuirfidh mé gach [sórt uafáis] ina bhealach - an Tiarna Dia a labhraíonn - beidh claíomh gach fir ag fealladh ar a chéile.
22. Gearrfaidh mé pionós air le plá agus le doirteadh fola. Fearfaidh mé tuile bháistí agus clocha sneachta, tine agus ruibh air féin, ar a shlua agus ar na ciníocha líonmhara a bheidh leis.
23. Mar sin a fhoilseoidh mé mo naofacht agus a chuirfidh mé mé féin in aithne dá lán ciníocha. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”