Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 37:18-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Nuair a deir do mhuintir leat: ‘Mínigh ciall an scéil seo dúinn’;

19. abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé chun bata Iósaef, atá i lámha Eafráim, a thógáil, agus clanna Iosrael atá i gcomhar leis; agus táthóidh mé le bata Iúdá é. Déanfaidh mé bata amháin astu ionas go mba aon iad i mo láimhse.’

20. Nuair a bheidh na bataí ar a scríobhfaidh tú i do láimh os a gcomhair,

21. abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, glacfaidh mé chugam clann Iosrael ó na ciníocha mar a ndeachaigh siad. Baileoidh mé le chéile iad ó gach taobh agus seolfaidh mé abhaile iad chun a dtíre féin.

22. Déanfaidh mé aon chine amháin astu sa tír ar shléibhte Iosrael, agus aon rí amháin a bheidh ina rí orthu uile. Ní bheidh dhá chine iontu a thuilleadh ná ní bheidh siad deighilte ina dhá ríocht.

23. Ní thruailleoidh siad iad féin a thuilleadh lena n‑íola agus a nithe gránna ná le haon chuid dá bpeacaí. Fuasclóidh mé iad ó na bearta fill ina raibh siad ciontach, agus glanfaidh mé iad. Beidh siadsan mar phobal agamsa agus beidh mise mar Dhia acusan.

24. Beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina rí orthu, agus ní bheidh ach aon tréadaí amháin acu go léir. Siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus comhlíonfaidh siad mo dheasghnátha go beacht.

25. Cuirfidh siad fúthu mar ar chuir bhur n‑aithreacha fúthu, sa tír a thug mé do mo sheirbhíseach, Iacób. Cónóidh siad ansin go brách, iad féin, a gclann agus clann a gclainne. Beidh mo sheirbhíseach, Dáiví, ina rí orthu go brách.

26. Déanfaidh mé conradh síochána leo; conradh síoraí a bheidh ann. [Beannóidh] mé agus cuirfidh mé rath orthu; tógfaidh mé mo shanctóir ina measc go deo.

27. Beidh m'áit chónaithe ina gcuideachta; beidh mé i mo Dhia acusan agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.

28. Tuigfidh na ciníocha ansin gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn Iosrael nuair a bheidh mo shanctóir ina measc go brách.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 37