Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 37:14-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus beidh sibh beo, agus socróidh mé sibh síos in bhur dtír féin. Ansin a thuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, a labhair, agus gur mise a rinne é - an Tiarna a labhraíonn.”

15. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

16. “A mhic an duine, glac chugat bata agus scríobh air: ‘Thar ceann Iúdá agus chlann Iosrael i gcomhar leis.’ Glac bata eile ansin agus scríobh air: ‘Thar ceann Iósaef, bata Eafráim, agus muintir Iosrael uile atá i gcomhar leis.’

17. Táthaigh le chéile iad in aon bhata amháin ionas go mba aon bhata amháin i do láimh iad.

18. Nuair a deir do mhuintir leat: ‘Mínigh ciall an scéil seo dúinn’;

19. abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé chun bata Iósaef, atá i lámha Eafráim, a thógáil, agus clanna Iosrael atá i gcomhar leis; agus táthóidh mé le bata Iúdá é. Déanfaidh mé bata amháin astu ionas go mba aon iad i mo láimhse.’

20. Nuair a bheidh na bataí ar a scríobhfaidh tú i do láimh os a gcomhair,

21. abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, glacfaidh mé chugam clann Iosrael ó na ciníocha mar a ndeachaigh siad. Baileoidh mé le chéile iad ó gach taobh agus seolfaidh mé abhaile iad chun a dtíre féin.

22. Déanfaidh mé aon chine amháin astu sa tír ar shléibhte Iosrael, agus aon rí amháin a bheidh ina rí orthu uile. Ní bheidh dhá chine iontu a thuilleadh ná ní bheidh siad deighilte ina dhá ríocht.

23. Ní thruailleoidh siad iad féin a thuilleadh lena n‑íola agus a nithe gránna ná le haon chuid dá bpeacaí. Fuasclóidh mé iad ó na bearta fill ina raibh siad ciontach, agus glanfaidh mé iad. Beidh siadsan mar phobal agamsa agus beidh mise mar Dhia acusan.

24. Beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina rí orthu, agus ní bheidh ach aon tréadaí amháin acu go léir. Siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus comhlíonfaidh siad mo dheasghnátha go beacht.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 37