Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 36:9-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Sea, tá mise ar bhur son, fillfidh mé chugaibh; treabhfar agus síolfar sibh.

10. Socróidh mé líon daoine oraibh, muintir Iosrael go hiomlán. Beidh pobal cónaithe sna cathracha arís agus atógfar na fothracha.

11. Méadóidh mé idir dhaoine agus ainmhithe oraibh; fásfaidh siad agus beidh breis orthu. Cuirfidh mé líon daoine oraibh mar a bhí i gcéaduair; déanfaidh mé sibh níos rathúla ná mar a bhí anallód, agus tuigfidh sibh dá bharr gur mise an Tiarna.

12. A bhuí liomsa siúlfaidh daoine, mo mhuintir Iosrael oraibh arís; rachaidh siad i seilbh oraibh mar a n‑oidhreacht, agus ní dhéanfaidh sibh slad ar a bpáistí choíche arís.

13. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go ndúirt na daoine libh: ‘Is alpaire daoine sibh, déanann sibh slad ar pháistí an chine.’

14. Ar an ábhar sin, ní alpfaidh sibh daoine níos mó: ní dhéanfaidh sibh slad ar pháistí an chine arís - an Tiarna Dia a labhraíonn.

15. Ní ligfidh mé arís daoibh masla na gciníocha a chloisteáil, ní bheidh oraibh arís éisteacht lé tarcaisne na gciníocha, ní [dhéanfaidh sibh slad arís] ar pháistí an chine - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

16. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

17. “A mhic an duine, nuair a chónaigh muintir Iosrael ina dtír féin thruailligh siad í lena ndrochimeachtaí. Bhí a n‑iompar i mo láthairse neamhghlan mar fhuil mhíosúil mná.

18. Scaoil mé mo chuthach leo de bharr na fola a dhoirt siad sa tír agus na n‑íol lenar thruailligh siad í.

19. Scaip mé iad i measc na gciníocha agus ruaig mé iad ar fud na dtíortha; ghearr mé breithiúnas orthu mar a thuill a n‑iompar agus a mbearta.

20. Agus anois, thruailligh siad m'ainm naofa i measc na gciníocha cibé áit a ndeachaigh siad, ionas go ndeirtear fúthu: ‘Sin iad pobal an Tiarna, ach tá siad ar deoraíocht óna thír.’

21. Ach bhí mé buartha faoi m'ainm naofa a thruailligh muintir Iosrael i measc na gciníocha mar a ndeachaigh siad.

22. “Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní dhéanaim seo, a mhuintir Iosrael, ar bhur sonsa, ach ar son m'ainm naofa a thruailligh sibh i measc na gciníocha mar a ndeachaigh sibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 36