Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 36:29-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. Glanfaidh mé sibh ó bhur salachar uile. Glaofaidh mé ar an arbhar, cuirfidh mé breis leis agus ní sheolfaidh mé gorta sa mhullach oraibh níos mó.

30. Méadóidh mé toradh na gcrann agus na bpáirceanna ionas nach mbeidh masla an ghorta oraibh níos mó i measc na gciníocha.

31. Ansin cuimhneoidh sibh ar bhur ndrochiompar agus ar bhur ndrochimeachtaí. Beidh gráin agaibh oraibh féin as bhur bpeacaí agus bhur ngníomhartha gránna.

32. Bíodh fhios agaibh nach ar bhur sonsa a dhéanaim é seo - an Tiarna Dia a labhraíonn. Bíodh náire agus imní oraibh mar gheall ar bhur n‑iompar, a mhuintir Iosrael.

33. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a ghlanfaidh mé sibh ó bhur bpeacaí uile, líonfaidh mé na cathracha arís le daoine agus atógfar na fothracha.

34. Saothrófar an talamh scriosta arís in áit é a fhágáil ina bhlár folamh os comhair cách a théann an bealach.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 36