Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 36:21-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Ach bhí mé buartha faoi m'ainm naofa a thruailligh muintir Iosrael i measc na gciníocha mar a ndeachaigh siad.

22. “Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní dhéanaim seo, a mhuintir Iosrael, ar bhur sonsa, ach ar son m'ainm naofa a thruailligh sibh i measc na gciníocha mar a ndeachaigh sibh.

23. Naomhóidh mé m'ainm mór a truaillíodh i measc na gciníocha, a thruailligh sibhse ina measc. Agus tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna - an Tiarna Dia a labhraíonn - nuair a naomhóidh mé mé féin ionaibh os comhair a súl.

24. Bainfidh mé amach sibh as na ciníocha agus baileoidh sibh le chéile ó na coigríocha go léir agus tabharfaidh mé sibh abhaile chuig bhur dtír dhúchais.

25. Croithfidh mé uisce glan oraibh agus beidh sibh glan; scagfaidh mé sibh ó bhur salachar uile agus ó bhur n‑íola uile.

26. Tabharfaidh mé croí nua daoibh fosta agus cuirfidh spiorad nua ionaibh; bainfidh mé an croí cloiche as bhur gcorp agus tabharfaidh croí feola daoibh ina áit.

27. Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus tabharfaidh oraibh siúl de réir mo reachtanna agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go beacht.

28. Cónóidh sibh sa tír a bhronn mé ar bhur n‑aithreacha; beidh sibh in bhur bpobal agam agus beidh mise i mo Dhia agaibh.

29. Glanfaidh mé sibh ó bhur salachar uile. Glaofaidh mé ar an arbhar, cuirfidh mé breis leis agus ní sheolfaidh mé gorta sa mhullach oraibh níos mó.

30. Méadóidh mé toradh na gcrann agus na bpáirceanna ionas nach mbeidh masla an ghorta oraibh níos mó i measc na gciníocha.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 36