15. Ní ligfidh mé arís daoibh masla na gciníocha a chloisteáil, ní bheidh oraibh arís éisteacht lé tarcaisne na gciníocha, ní [dhéanfaidh sibh slad arís] ar pháistí an chine - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
16. Tháinig briathar an Tiarna chugam:
17. “A mhic an duine, nuair a chónaigh muintir Iosrael ina dtír féin thruailligh siad í lena ndrochimeachtaí. Bhí a n‑iompar i mo láthairse neamhghlan mar fhuil mhíosúil mná.
18. Scaoil mé mo chuthach leo de bharr na fola a dhoirt siad sa tír agus na n‑íol lenar thruailligh siad í.
19. Scaip mé iad i measc na gciníocha agus ruaig mé iad ar fud na dtíortha; ghearr mé breithiúnas orthu mar a thuill a n‑iompar agus a mbearta.
20. Agus anois, thruailligh siad m'ainm naofa i measc na gciníocha cibé áit a ndeachaigh siad, ionas go ndeirtear fúthu: ‘Sin iad pobal an Tiarna, ach tá siad ar deoraíocht óna thír.’
21. Ach bhí mé buartha faoi m'ainm naofa a thruailligh muintir Iosrael i measc na gciníocha mar a ndeachaigh siad.
22. “Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní dhéanaim seo, a mhuintir Iosrael, ar bhur sonsa, ach ar son m'ainm naofa a thruailligh sibh i measc na gciníocha mar a ndeachaigh sibh.
23. Naomhóidh mé m'ainm mór a truaillíodh i measc na gciníocha, a thruailligh sibhse ina measc. Agus tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna - an Tiarna Dia a labhraíonn - nuair a naomhóidh mé mé féin ionaibh os comhair a súl.
24. Bainfidh mé amach sibh as na ciníocha agus baileoidh sibh le chéile ó na coigríocha go léir agus tabharfaidh mé sibh abhaile chuig bhur dtír dhúchais.
25. Croithfidh mé uisce glan oraibh agus beidh sibh glan; scagfaidh mé sibh ó bhur salachar uile agus ó bhur n‑íola uile.
26. Tabharfaidh mé croí nua daoibh fosta agus cuirfidh spiorad nua ionaibh; bainfidh mé an croí cloiche as bhur gcorp agus tabharfaidh croí feola daoibh ina áit.