Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 36:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. A mhic an duine, tairngir do shléibhte Iosrael, agus abair: A Shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna.

2. Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur mhaslaigh an namhaid sibh, á rá go fonóideach: ‘Is linne anois na sléibhte cianaosta seo’,

3. tairngir uime sin agus abair: Seo mar a deir an Tiarna: De bhrí gur bánaíodh, sea, agus gur scriosadh sibh ó gach taobh ionas go ndeachaigh na ciníocha eile i seilbh oraibh agus gur thosaigh cúlchaint agus scéalta mailíseacha ag dul thart i measc an phobail fúibh;

4. dá bhrí sin, a shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta, le fásaigh loma agus cathracha bánaithe atá ina gcreach agus ina gceap magaidh ag na ciníocha máguaird:

5. sea, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dearbhaím é dar cuthach m'éada i gcoinne na gciníocha eile agus i gcoinne Eadóm uile a shealbhaigh agus a chreach mo thír-se le tréan áthais agus tarcaisne.

6. Ar an ábhar sin tairngir mar gheall ar thír Iosrael. Abair leis na sléibhte agus leis na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Labhraím le cuthach éada de bhrí gur maslaíodh sibh ag na ciníocha.

7. Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dearbhaím go maslófar na ciníocha máguaird chomh maith libhse.

8. “A shléibhte Iosrael, fásfaidh bhur ngéaga agus tabharfaidh sibh torthaí ar son mo mhuintire, Iosrael, a fhillfidh go luath.

9. Sea, tá mise ar bhur son, fillfidh mé chugaibh; treabhfar agus síolfar sibh.

10. Socróidh mé líon daoine oraibh, muintir Iosrael go hiomlán. Beidh pobal cónaithe sna cathracha arís agus atógfar na fothracha.

11. Méadóidh mé idir dhaoine agus ainmhithe oraibh; fásfaidh siad agus beidh breis orthu. Cuirfidh mé líon daoine oraibh mar a bhí i gcéaduair; déanfaidh mé sibh níos rathúla ná mar a bhí anallód, agus tuigfidh sibh dá bharr gur mise an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 36