Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 35:10-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. “De bhrí go ndúirt tú: ‘Is liomsa an dá chine agus an dá thír seo: rachaimid ina seilbh san áit ina mbíodh an Tiarna.”

11. Dá bhrí sin, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - roinnfidh mé leat de réir d'fheirge agus na haingíochta céanna a bhain le do fhuath féin ina n‑aghaidh. Cuirfidh mé mé féin in aithne dóibh nuair a ghearrfaidh mé breithiúnas ortsa.

12. Agus beidh fhios agat gur chuala mise, an Tiarna, an uile mhasla dar thug tú in aghaidh shléibhte Iosrael, a leithéid seo: ‘Bánaíodh iad, fágtar againne iad lena gcreachadh.’

13. Labhair tú go mórchúiseach fúmsa, do mo mhaslú arís agus arís eile; bhí cluas orm!

14. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Bánóidh mé thú, rud a chuirfidh áthas croí ar an tír uile.

15. De bhrí gur bhain tú aoibhneas as nuair a bánaíodh oidhreacht mhuintir Iosrael, déanfaidh mé amhlaidh leatsa, a Shliabh Shaeír: bánófar thú agus Eadóm uile mar an gcéanna. Tuigfidh na daoine gur mise an Tiarna.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 35