Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 35:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

2. “A mhic an duine, iompaigh i dtreo Shliabh Shaeír agus tairngir ina éadan.

3. Abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Shliabh Shaeír, tá mé i do choinne agus sínfidh mé mo lámh amach i do choinne; fágfaidh mé i do fhásach léirscriosta thú.

4. Bánóidh mé do chathracha agus fágfar folamh thú; tuigfidh tú gur mise an Tiarna.

5. De bhrí gur chothaigh tú ionat féin de shíor an fhearg agus gur thug tú suas clann Iosrael don chlaíomh le linn a mí-áidh, le linn a bpíonóis deiridh;

6. dá bhrí sin, dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - tabharfaidh mé suas chun fola thú agus leanfaidh fuil thú. De bhrí gur ciontach thú i ndoirteadh fola dearbhaím go dtiocfaidh doirteadh fola suas leat.

7. Fagfaidh mé Sliabh Shaeír ina fhásach léirscriosta agus fágfaidh mé gan taistealaí ann ná as.

8. Líonfaidh mé a shléibhte le corpáin; an dream a maraíodh leis an gclaíomh titfidh siad ar do chnoic, i do ghleannta agus i d'uile chumar.

9. Fágfaidh mé thú i d'fhásach buan agus ní fhillfear ar do chathracha cónaithe. Tuigfidh tú ansin gur mise an Tiarna.

10. “De bhrí go ndúirt tú: ‘Is liomsa an dá chine agus an dá thír seo: rachaimid ina seilbh san áit ina mbíodh an Tiarna.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 35