Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 33:22-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Tharla go raibh lámh an Tiarna orm an tráthnóna sular tháinig an fear ar a theitheadh; bhí mo bhéal oscailte aige sular tháinig an fear an mhaidin dár gcionn. Osclaíodh mo bhéal agus ní raibh mé balbh a thuilleadh.

23. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

24. “A mhic an duine, deir áitritheoirí an fhásaigh i dtír Iosrael: ‘Bhí Abrahám ina aonar nuair a ghabh sé oidhreacht na dúiche seo. Ach tá a lán againne ann anois agus is linne, ar ndóigh, an tír mar oidhreacht.’

25. “Tá go maith, abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Itheann sibh feoil a bhfuil fuil inti, tógann sibh bhur súile chun bhur n‑íol, agus doirteann sibh fuil; an síleann sibh mar sin fanacht i seilbh na talún?

26. Seasann sibh ar bhur gclaimhte, déanann sibh cionta gránna agus truaillíonn gach fear agaibh bean a chomharsan. An síleann sibh mar sin fanacht i seilbh na talún?

27. “Abair seo leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dar mo bheo, na daoine atá san fhásach titfidh siad cinnte leis an gclaíomh; an fear ar an mblár folamh tabharfaidh mé do na hainmhithe allta é lena alpadh; éagfaidh lucht na ndaingean agus na bpluaiseanna leis an bplá.

28. Bánóidh agus léirscriosfaidh mé an tír, agus coiscfidh mé a cumhacht mórchúiseach. Beidh sléibhte Iosrael chomh bánaithe sin nach rachaidh aon duine tríothu arís.

29. Ansin tuigfidh siad gur mise an Tiarna, nuair a bhánóidh agus léirscriosfaidh mé an tír mar gheall ar na cionta gránna go léir a rinne siad.”

30. “A mhic an duine, tá do mhuintir ag caint ort ar na ballaí agus ag doirse na dtithe. Deir siad lena chéile: ‘Tar agus éist leis an mbriathar a ghabh amach ón Tiarna.’

31. Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.

32. Féachann siad ortsa mar a bheadh [duine a chanann] amhrán grá ann á ghabháil go binn le tionlacan gléas ceoil. Éisteann siad le do bhriathra, ach ní dhéanann beart dá réir.

33. Nuair a thiocfaidh seo i gcrích, agus tiocfaidh gan teip, tuigfidh siad go raibh fáidh ina measc.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 33