Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 33:11-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Abair leo: ‘Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní mian liomsa bás an chiontaigh ach go n‑iompódh sé óna bhealaí agus go mairfeadh sé. Filligí, filligí ó bhur ndrochbhealaí. Cad chuige bhur ndúil sa bhás, a mhuintir Iosrael?’

12. “A mhic an duine, abair tusa le do phobal: Ní shaorfaidh a fhíréantacht an fíréan nuair a pheacaíonn sé; ní dhaorfaidh a pheacaí an peacach nuair a iompaíonn sé uathu; ní thig leis an bhfíréan maireachtáil le taca a fhíréantachta chomh luath agus a pheacaíonn sé.

13. Má deirim leis an bhfíréan go mairfidh sé cinnte, agus má dhéanann sé talamh slán dá fhíréantacht agus go bpeacaíonn, ní chuimhneofar ar aon phioc dá fhíréantacht, ach éagfaidh sé sa pheaca a rinne sé.

14. Má deirim, áfach, le peacach: ‘Tá an bás i ndán duit cinnte’; agus go n‑iompaíonn sé óna pheaca, agus déanamh mar is ceart agus mar is cóir;

15. má thugann an peacach ar ais an geall fiach, má thugann uaidh ar shlad sé, má chloíonn sé le reachtanna na beatha, ag seachaint an pheaca; mairfidh sé go deimhín, ní éagfaidh sé.

16. Ní chuimhneofar níos mó ina choinne ar pheaca ar bith dá ndearna sé; rinne sé mar is ceart agus mar is cóir, mairfidh sé go deimhin.

17. “Ach deir do phobal: ‘Tá an Tiarna ag déanamh éagóra’; nuair is iad féin a dhéanann an éagóir.

18. Nuair a thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peacú, éagfaidh sé dá bharr.

19. Nuair a thréigeann an peacach a pheacaí le ceart agus cóir a dhéanamh, mairfidh sé dá bharr.

20. Deir sibhse, áfach: ‘Tá an Tiarna ag déanamh éagóra’; ach roinnfidh mé le gach duine agaibh de réir a bhealaí, a mhuintir Iosrael.”

21. Sa dara bliain déag dár mbraighdeanas, ar an gcúigiú lá den deichiú mí, tháinig fear ar a theitheadh ó Iarúsailéim agus dúirt: “Tá an chathair gafa.”

22. Tharla go raibh lámh an Tiarna orm an tráthnóna sular tháinig an fear ar a theitheadh; bhí mo bhéal oscailte aige sular tháinig an fear an mhaidin dár gcionn. Osclaíodh mo bhéal agus ní raibh mé balbh a thuilleadh.

23. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 33