1. Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2. “A mhic an duine, labhair le do mhuintir féin agus abair leo: Má thugaim an claíomh i gcoinne tíre ar bith, toghadh pobal na tíre sin fear dá muintir féin agus cuiridís ar garda é.
3. Má fheiceann sé an claíomh ag teacht i gcoinne na tíre, séideadh sé an trumpa leis an bpobal a chur ar a bhfaichill.
4. Má chluineann duine fuaim an trúmpa agus nach dtugann aird air, tiocfaidh a chlaíomh suas leis agus bascfaidh é. Beidh sé freagrach ina bhás féin.
5. Chuala sé an trumpa agus níor thug aird air; beidh sé freagrach ina bhás féin. Ach an fear a thabharfaidh aird, tabharfaidh sé a bheatha slán.
6. “Má fheiceann an garda an claíomh ag teacht, áfach, agus nach séideann an trumpa ionas nach gcuirtear an pobal ar a bhfaichill; agus má thagann an claíomh agus teacht suas le duine amháin acu, gheobhaidh an duine seo bás de bharr a pheaca ach beidh an garda freagrach ina bhás.