Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 32:23-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Tá siad curtha i bhfíoríochtar Sheól agus a slua timpeall a huaighe, gach duine acu marbh, arna thitim leis an gclaíomh. Ach bhí an uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi.

24. “Tá Éalám ansin agus a comhluadar uile thart timpeall a huaighe, iad uile marbh, arna dtitim leis an gclaíomh; d'imigh siad síos gan timpeallghearradh in íochtar an domhain. Ach bhí an uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. Iompraíonn siad a náire leo siúd a théann síos go Seól.

25. Chóirigh siad leaba di i measc na marbh, lena slua uile timpeall a huaighe; gach duine acu gan timpeallghearradh, arna thitim leis an gclaíomh. Ach bhí uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. Iompraíonn siad a náire siúd a théann síos go Seól. Tá siad curtha ansin i lár na marbh.

26. “Tá Meisic agus Túbál ansin agus a gcomhluadar uile agus a n‑uaigheanna thart timpeall, gach duine acu gan timpeallghearradh, arna thitim leis an gclaíomh; óir bhí tír na mbeo ar uafás rompu.

27. [Luíonn] siad le gaiscígh an tseansaoil, leosan a chuaigh síos go Seól in éide chatha, ar leagadh a gclaimhte faoina gcinn agus a sciatha ar a gcnámha; óir bhí tír na mbeo ar uafás roimh na gaiscígh seo.

28. Brisfear thú mar sin agus luífidh tú leis an dream gan timpeallghearradh, leosan a thit leis an gclaíomh.

29. “Tá Eadóm ansin, a ríthe agus a prionsaí uile, ina luí leosan a thit leis an gclaíomh in ainneoin a ngaisce. Luíonn siad leis an dream gan timpeallghearradh, leosan a chuaigh síos go Seól.

30. “Tá prionsaí uile an tuaiscirt agus muintir na Síodóine uile ansin, imithe síos faoi náire leis na mairbh, cé gur spreag siad uafás lena gcumhacht. Luíonn siad ansin gan timpeallghearradh leosan a thit leis an gclaíomh. Iompraíonn siad a náire siúd a théann síos go Seól.

31. “Feicfidh Forann iad agus glacfaidh sé sólás nuair a fheicfidh sé méid an tslua a thit leis an gclaíomh, Forann agus a shlua go léir - an Tiarna a labhraíonn.

32. Eisean a raibh tír na mbeo ar uafás roimhe, luíonn sé anois leis an dream gan timpeallghearradh, leosan a thit leis an gclaíomh, Forann, agus a phobal uile. Is é an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 32